Pádraig le Marcus Mac Conghail

by IMLÉ - Marcus Mac Conghail

/
  • Streaming + Download

    Includes unlimited streaming via the free Bandcamp app, plus high-quality download in MP3, FLAC and more.

      €2 EUR  or more

     

about

Faoin amhrán / About the song:

Seo amhrán le haghaidh cara linn Pádraig Schaler. Tuilleadh eolais faoi scéal Phádraig thíos. Léigh é agus tacaigh leis tríd an ceol a cheannach anseo nó ag www.amhrandophadraig.com / This is a song for our friend Pádraig Schaler. There is more information about Pádraig's story below. Read it and support him by purchasing the music here or at www.amhrandophadraig.com

Scéal Phádraig / Pádraig's story - caringforpadraig.org/as-told-by-his-family/

Seo an méid atá le rá ag Marcus faoin amhrán / What Marcus has to say about the song:

Ón tráth a gortaíodh Pádraig Schaler i Meiriceá i leith chuaigh na hiarrachtaí iontacha go léir a bhí (agus atá) á dhéanamh ag a chairde chun tacú leis is a mhuintir go mór i bhfeidhm orm. Grá agus meas - dílseacht agus dúthracht - agus cur chuige dearfach dochloíte. Scríobh mé dán de thoradh seo go léir.

Lean na hócáidí tiomsaithe airgid ar aghaidh - is mar chuid d’oíche mhór cheoil sa Grand Social, áit a raibh albam á sheoladh ag a chairde do Phádraig, chuir mé cúpla focal breise agus dhá chorda leis an dán is dheineas amhrán de.Scríobh mé an dán dá chairde is dá mhuintir.Tá an t-amhrán ann anois le aird a dhíriú ar an gcúis gur thar lear atá Pádraig agus daoine atá sa riocht céanna leis ag fáil cóir leighis agus ní ina dtír féin - tá an stát agus an córas sláinte ag loiceadh orthu.

Ceannaigh an t-amhrán chun tacú le Pádraig is a mhuintir.

From the time that Pádraig Schaler was injured in America until now the amazing efforts that his friends have made to support him and his family have greatly effected me. Love and respect - loyalty and commitment - and an indefatigable positive approach.I wrote a poem as a result of this.
The fund raising efforts continued and as part of a big night of music in The Grand Social where his friends were launching an album for Pádraig, I put a few extra words and a couple of chords with the poem and made a song of it.
I wrote the poem for his friends and people.The song is there now to draw attention to the reason that Pádraig, and other people in the same condition, are receiving medical attention abroad and not in their own country - the state and the health system is failing them.
Buy this song to support Pádraig and his family.



Faoi IMLÉ / About IMLÉ:

Seo togra de chuid Cian Mac Cárthaigh, láithreoir/bainisteoir le Raidió na Life & dord giotáraí le Wild Promises, tá ceoltóirí leis an meon céanna tar éis teacht le chéile ina measc tá Fergal Moloney (Wild Promises), file & ceoltóir Marcus Mac Conghail, Pearse McGloughlin (Idiot Songs), MC Muipéad agus roinnt aíonna speisialta. Is meascán é do gach stíl ceol é IMLÉ, bíonn gach rud ó Hip-Hop go Pop go Punk. An t-aon riail ná go gá go mbeadh an ceol go maith!
Brought together by Cian MacCárthaigh, presenter/manager with Raidió na Life & bass player with Wild Promises, are a group of these kindred spirits that include vocalist Fergal Moloney (Wild Promises), Poet &musician Marcus Mac Conghail, Pearse McGloughlin (Idiot Songs), MC Muipéad and many other special guests. IMLÉ is a mix of many styles of music from Hip-Hop to Pop to Punk. The only rule is that the music has to be good!

lyrics

Pádraig le Marcus Mac Conghail


Níl aon aithne agam ort
ach le trí ráithe anuas
tá an tost fada atá ag teacht uait
á líonadh ag daoine nach stopann ag caint fút

Kíla-cheol á chur ar siúl duit
is tú luite siar in ospidéal Beaumont
Giolc nó dhó ó leithreas traenach
ó chara gan ticéad is é ar a shlí chughat

Tonncheol is comhcheol chór na bhfear
ag canadh íoc shláinte duit ó The Workmans
Litreacha laethúla ó liombó d’athar
criathar na bhfocal d’iarraidh gach rud a aithint

Seosamh an Chlub díreach fillte
ó Hamburg tar éis tú a fheiscint
is é ag déanamh cur síos lena bhéal
ach a shúile ag lorg a mhalairt scéil

Is an caoga Spartach cróga
a thaistil Éire ó chósta go cósta
is a thum go domhain i muir an earraigh
is ar bhéal gach duine bhí d’ainm

Ritheadh gach céim den mharatón
And every step was a step
that was bringing you closer to home

Chruinníodar isteach go dtí an Grand Social
Maitiú Ó Casaide is na Dreamboaters
Is chanadar d’aon ghuth amháin duit
Go bhfille tú abhaile slán, a Phádraig

An caoga Spartach cróga
a thaistil Éire ó chósta go cósta
is a thum go domhain i muir an earraigh
is ar bhéal gach duine bhí d’ainm
……

credits

released May 17, 2015

tags

license

all rights reserved

about

IMLÉ Dublin, Ireland

contact / help

Contact IMLÉ

Streaming and
Download help